| |
| Carmen 9 (in Irish by Gabriel Rosenstock) |
|
|
| Available in
Latin,
Brazilian Port.,
Catalan,
Croatian,
Dutch,
English,
Finnish,
French,
German,
Hungarian,
Irish,
Italian,
Polish,
Romanian,
Scanned,
Serbian, and
Spanish. Compare two languages here.
|
|
A Veranius, a chara na n-ae,
scoth an trí chéad míle díobh,
an bhfuilir tagtha abhaile chun na ndéithe teaghlaigh
is chun do dheartháireacha grámhara is do sheanmháithrín?
Taoi tagtha! Nach méanar domsa!
Chífead thú is gan máchail ort agus cloisfead thú
ag cur síos ar chríochaibh na Spáinneach, na gaiscí, na finte,
mar is nós leat agus nuair a tharraingeod chugam thú
an bpógfad na súile soilbhre sin agus na beola?
Ó nach iomaí duine suairc ar an saol seo,
cé atá níos sona, níos beannaithe ná mé?
|
|
| © copyright 5-8-2003 by Gabriel Rosenstock |
|
Feel free to post messages about this carmen in the Carmen 9 section of the Catullus Forum. The latest posts are: |
|
| |