A ghadaithe móra, is sibh ag póirseáil thart sna folacdáin,
Vibennius an t-athair, is an mac an phiteog
(lena lámh shleamhain is ea a ghoideann an t-athair
agus lena thóin mhór Vibennius Óg)
bailígí libh in ainm an diabhail bhuí!
Is eol do mhadraí an bhaile gur bithiúnach é an t-athair
is ní dhíolfadh an mac a thiarpa ar leathphingin rua.