A Thallus, a phiteog, is boige ná fionnadh coinín thú
ná clúmh gé, ná maothán mín cluaise
ná bod seanóra ar sileadh - caite i dtraipisí i nead damháin alla.
Faoi sholas na lánghealaí ar a shon san is na haíonna go léir ag méanfach
féach gur mó an feall atá ionatsa ná oíche na gaoithe móire.
T’rom mo chóta tí ar ais, an cóta a sciobais uaim, a dhiabhail,
agus na napcíní boird de líon na Spáinne, na taibhle péinteáilte de bhoscadhmad
agus iad ar taispeáint agatsa mar sheoda fine,
Scaoil ded chrobh iad agus tabhair thar n-ais iad
nó is fuip a úsáidfidh mé chun línte a scríobh a chuirfidh náire an domhain ort
línte chomh loiscneach leis an iarann lena marcáiltear an gadaí
ar do dhá thaobh gheala is ar do lámha beaga míne.
Beidh sceitimíní de shaghas eile ansin ort, do cheann ina bhulla báisín
mar a bheadh bád sa duibheagán agus na gaotha mire le ceangal.