Cuirim mé féin agus gach is ionúin liom faoi do choimirce, a
Aurelius, agus iarraim gar ort go humhal,
má ba luachmhar riamh leat aon ní
is gur theastaigh uait é a choinneáil íonghlan slán,
cosain go modhúil mo gharsúinín,
ní ar an ngramaisc atá mé a rá - ní heagal liom
an plód ar a seachrán ar an tsráid
agus a gcúraimí féin orthu go léir -
le fírinne, tú fein is do bhod a scanraíonn mé,
scriostóir na mbuachaillí idir mhaith is olc.
Mar tugann tú cead a chinn do do shlat
chun do shástachta. Má bhíonn do bhod amuigh agat, sin sin.
Ach fág an maicín seo, impím ort, go humhal.
Mar má ligeann do bhréansmaointe is do mhianta gan srian duit,
a scraiste, coir mar sin a dhéanamh
agus feall a dhéanamh ormsa,
béarfaidh críoch lofa ort ambaist.
Ag geata oscailte na cathrach agus ceangal na gcúig gcaol ort
crústálfar thú le raidisí is le lannaigh.